Seolfaidh Dairena Ní Chinnéide cnuasach nua dánta liom ag Oireachtas na Samhna ar an 5ú Samhain ag 4.30. Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile is teideal dó agus is é Éabhlóid atá á fhoilsiú. Beidh an ócáid ar siúl in Svuít 1, Leibhéal 1, INEC. Fáilte roimh chách!
Féile Bheag Filíochta 11-13 Samhain 2022
Ag tnúth go mór leis an bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín an mhí seo chugainn. Is breá lem chroí an fhéile seo agus is cúis áthais dom go mbead féin i mbun na ceardlainne Gaeilge i mbliana. Beidh an t-ealaíontóir agus an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín ag léiriú trí scannán faoi thriúr ban: Máire Ní Chéilleachair, Áine Moynihan agus Ríonach Ní Néill. Is í an tOllamh Emerita Patricia Coughlan a thabharfaidh léacht na féile ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi. Seolfar leabhar dátheangach le Ceaití Ní Bheildiúin dar teideal Lig don nGiorria Suí / Let the Hare Sit: Rogha Dánta / Selected Poems mar a bhfuil aistriúcháin le Paddy Bushe. Cloisfear ceol ar an Aoine le hEoin Duignan agus Noelie Ó Maoileoin. Maidin Shathairn a bheidh na ceardlanna, mé féin i mbun na ceardlainne Gaeilge agus Billy Ramsell i mbun cheann an Bhéarla. Beidh seimineáir san iarnóin ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi mar a labharfaidh Máirín Nic Eoin, Louis de Paor, Bríd Ní Mhóráin agus Róisín Ní Ghairbhí. Beidh an sárcheoltóir Inni-K ag seinm oíche Dé Sathairn agus beidh a thuilleadh ceoil an mhaidin dar gcionn le Niamh Varian Barry. Beidh go leor deiseanna ag filí dán a reic ag na maidhceanna oscailte a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine. An clár iomlán le fáil anseo.
Ceardlann scríbhneoireachta i Leabharlann na Cathrach, 12.10.2022
Imram @ Books Upstairs
Léachtaí Cholm Cille 2022
Is ar Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge a bheidh Léachtaí Cholm Cille ag díriú i mbliana agus is mór an onóir dom roinnt dánta ón gcnuasach nua a léamh ann. Dé hAoine 9ú Meán Fómhair agus Dé Sathairn 10ú Meán Fómhair i bhFoirgneamh an Iontais, Ollscoil Mhá Nuad a thiocfar le chéile. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais anseo.
Critical Voices @ Kilkenny Arts Festival

For more information on this event, please click here.
John Hewitt Summer School, Armagh
Cosán Ghabhla, 9 & 10 Iúil
‘Imeacht an ama ar oileán mara’ an téama a bhí ag Cosán Ghabhla, imeacht de chuid de Fhéile an Earagail a d’eagraigh Eoghan Mac Giolla Bhríde. Ba rídheas a bheith páirteach agus am a chaitheamh i dteannta na n-ealaíontóirí Kim Sharkey, Úna Ní Shé agus Sandra Kennedy, agus na scríbhneoirí Rody Gorman is Eoghan Mac Giolla Bhríde, gan trácht ar an mbean ildánach de bhunadh Ghabhla, Máirín Uí Fhearraigh. Tá pictiúirí a ghlac Linda thíos:































Mí Iúil /July
Cúpla rud ag teacht aníos an mhí seo chugainn:
The film City of a Thousand Suns/ Cathair na Mílte Grian will be premiered at the Galway Film Fleadh on the 8th July at 14.00. Written and directed by Paula Kehoe and Feargal Ward, this is an unforgettable art film partly inspired by Eoghan Ó Tuairisc’s elegy for Hiroshima, ‘Aifreann na Marbh’. The cast includes Marcus Mac Conghail, Kazuyoshi Meiki, Rióna Ní Fhrighil and Tristan Warner. I was very happy to narrate the Irish-language version of the film.
Beidh mé ag glacadh páirte in ‘Cosán Ghabhla‘ mar chuid d’Fhéile an Earagail ar an 9ú agus 10ú Iúil i dteannta scríbhneoirí agus físealaíontóirí.
On the 16th July, I’ll be reading in Panicale in Umbria, Italy at the Effetto48 festival with Billy Ramsell and Lorenzo Mari. Special thanks to Alberto Masala for the invitation.
Delighted to be finishing off the month in Armagh at the John Hewitt Summer School where I’ll be reading with John McAuliffe and Molly Twomey on 29th July at 11.15.
Poetry File on RTÉ Lyric Fm 29.05.2022

Míle buíochas to Eithne Hand for the invitation to contribute to Poetry File on RTÉ Lyric FM. Tom Waits and Kathleen Brennan feature in the photo above and in the poem. You can listen back to it here.
You must be logged in to post a comment.