Gradam Filíochta an Oireachtais

Ba mhór an onóir dom dhá dhuais liteartha a fháil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, ceann don gcnuasach is fearr (Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile) agus ceann don dán is fearr (‘Litir ó Barcelona’). Is fada mé ag cur isteach ar na comórtaisí céanna! Seán Ó Mainín a ghlac an pictiúr thuas do Tuairisc.ie. Tá an tAire Stáit Jack Chambers ann, mar aon le Máirín de Brún, Uachtarán an Oireachtais, agus Stiofán Ó Móráin, cathaoirleach Oireachtas na Gaeilge.

Seoladh Leabhair ag Oireachtas na Samhna 5.11.22

Seolfaidh Dairena Ní Chinnéide cnuasach nua dánta liom ag Oireachtas na Samhna ar an 5ú Samhain ag 4.30. Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile is teideal dó agus is é Éabhlóid atá á fhoilsiú. Beidh an ócáid ar siúl in Svuít 1, Leibhéal 1, INEC. Fáilte roimh chách!

Léachtaí Cholm Cille 2022

Léachtaí Cholm Cille 2022 | Maynooth University

Is ar Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge a bheidh Léachtaí Cholm Cille ag díriú i mbliana agus is mór an onóir dom roinnt dánta ón gcnuasach nua a léamh ann. Dé hAoine 9ú Meán Fómhair agus Dé Sathairn 10ú Meán Fómhair i bhFoirgneamh an Iontais, Ollscoil Mhá Nuad a thiocfar le chéile. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais anseo.