Bhíos an-sásta píosa cainte a dhéanamh Dé hAoine ag an bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín. Is féidir éisteacht siar leis ar an Saol Ó Dheas anseo. Mo bhuíochas leis an gcoiste a thug cuireadh dhom. Bhí ard-deireadh seachtaine againn thiar! Cúpla pictiúr ar Tuairisc anseo le Manuela di Grandi.
Tag: Tuairisc.ie
Gradam Filíochta an Oireachtais

Ba mhór an onóir dom dhá dhuais liteartha a fháil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, ceann don gcnuasach is fearr (Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile) agus ceann don dán is fearr (‘Litir ó Barcelona’). Is fada mé ag cur isteach ar na comórtaisí céanna! Seán Ó Mainín a ghlac an pictiúr thuas do Tuairisc.ie. Tá an tAire Stáit Jack Chambers ann, mar aon le Máirín de Brún, Uachtarán an Oireachtais, agus Stiofán Ó Móráin, cathaoirleach Oireachtas na Gaeilge.
Seoladh ‘Calling Cards’ 21.11.2018

Seán Ó Mainnín a ghlac an grianghraf thuas ag seoladh Calling Cards i mBÁC.
A thuilleadh le feiscint anseo ar Tuairisc.ie
Léirmheas in Tuairisc.ie
Is féidir teacht ar an léirmheas a scríobh mé ar Dambatheanga/Damlanguage le Mícheál Ó Ruairc (Arlen House, 2014) anseo.

Molaim go mór éagsúlacht an ábhair a chuireann Tuairisc ar fáil do lucht na Gaeilge: www.tuairisc.ie

Agallamh ar Tuairisc
Seo nasc chuig agallamh a dheineas le Tuairisc.ie faoi mo dhán a bheith ainmnithe ar ghearrliosta RTÉ’s A Poem for Ireland.
Here is a link to an interview I did with Tuairisc.ie about the my poem, ‘Filleadh ar an gCathair’, being shortlisted for RTÉ’s A Poem for Ireland.

You must be logged in to post a comment.