Iarla Ó Lionáird and Isabelle O’Connor perform ‘Rianta’

Beyond thrilled to hear Gemma Peacocke‘s composition, Rianta, set to my poem from the collections Tost agus Allagar and The Coast Road. You can listen to it here, as performed by Iarla Ó Lionáird and Isabelle O’Connor in Taplin Auditorium, Princeton University on October 25th, 2022.

Agallaimh ar RTÉ RnaG

Ba dheas a bheith ag comhrá le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána le déanaí faoi Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile. Is féidir éisteacht siar leis anseo.

Dheineas féin agus Ceaití Ní Bheildiúin píosa cainte le Helen Ní Shé an mhí seo caite ar An Saol Ó Dheas.

Cóisir Filíochta ar BBC Radio Uladh

Buíochas ó chroí le John Boy Ó Muireagáin, Louis de Paor agus Sinéad Ní Uallacháin as an dán ‘Fothragadh’ a chíoradh ar an gclár ‘Cóisir Filíochta’ le déanaí. Bhaineas taitneamh, leis, as an bplé ar shaothar Bhiddy Jenkinson agus Mháire Ní Mhurchú. Is féidir éisteacht siar leis an gclár ar BBC Sounds as seo go ceann míosa. Ag tnúth go mór leis an gcuid eile den tsraith!

Gradam Filíochta an Oireachtais

Ba mhór an onóir dom dhá dhuais liteartha a fháil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, ceann don gcnuasach is fearr (Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile) agus ceann don dán is fearr (‘Litir ó Barcelona’). Is fada mé ag cur isteach ar na comórtaisí céanna! Seán Ó Mainín a ghlac an pictiúr thuas do Tuairisc.ie. Tá an tAire Stáit Jack Chambers ann, mar aon le Máirín de Brún, Uachtarán an Oireachtais, agus Stiofán Ó Móráin, cathaoirleach Oireachtas na Gaeilge.

Seoladh Leabhair ag Oireachtas na Samhna 5.11.22

Seolfaidh Dairena Ní Chinnéide cnuasach nua dánta liom ag Oireachtas na Samhna ar an 5ú Samhain ag 4.30. Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile is teideal dó agus is é Éabhlóid atá á fhoilsiú. Beidh an ócáid ar siúl in Svuít 1, Leibhéal 1, INEC. Fáilte roimh chách!

Féile Bheag Filíochta 11-13 Samhain 2022

Ag tnúth go mór leis an bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín an mhí seo chugainn. Is breá lem chroí an fhéile seo agus is cúis áthais dom go mbead féin i mbun na ceardlainne Gaeilge i mbliana. Beidh an t-ealaíontóir agus an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín ag léiriú trí scannán faoi thriúr ban: Máire Ní Chéilleachair, Áine Moynihan agus Ríonach Ní Néill. Is í an tOllamh Emerita Patricia Coughlan a thabharfaidh léacht na féile ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi. Seolfar leabhar dátheangach le Ceaití Ní Bheildiúin dar teideal Lig don nGiorria Suí / Let the Hare Sit: Rogha Dánta / Selected Poems mar a bhfuil aistriúcháin le Paddy Bushe. Cloisfear ceol ar an Aoine le hEoin Duignan agus Noelie Ó Maoileoin. Maidin Shathairn a bheidh na ceardlanna, mé féin i mbun na ceardlainne Gaeilge agus Billy Ramsell i mbun cheann an Bhéarla. Beidh seimineáir san iarnóin ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi mar a labharfaidh Máirín Nic Eoin, Louis de Paor, Bríd Ní Mhóráin agus Róisín Ní Ghairbhí. Beidh an sárcheoltóir Inni-K ag seinm oíche Dé Sathairn agus beidh a thuilleadh ceoil an mhaidin dar gcionn le Niamh Varian Barry. Beidh go leor deiseanna ag filí dán a reic ag na maidhceanna oscailte a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine. An clár iomlán le fáil anseo.