Ba mhór an onóir dom a bheith páirteach i gceiliúradh 20 bliain ó bunaíodh TG4. Aréir a craoladh an ócáid ina raibh ceoltóirí, scríbhneoirí, rinceoirí, aisteoirí, fir agus mná spóirt, agus daoine ildánacha eile ar stáitse. D’éirigh go hiontach leis an seó – moladh mór tuillte ag na héinne a bhí páirteach ann. Is féidir féachaint siar air ar an seinnteoir anseo .
Iarradh orm dán a scríobh don ócáid agus dheineamar é a thaifeadadh lasmuigh de Dhánlann Glucksman i gCorcaigh cúpla seachtain ó shin. Tá an dán féin ag 1″06′ ach is fiú go mór breathnú an seó iomlán.
Grian an Fhómhair
Móraimid grian an fhómhair,
ólaimid go fonnmhar dá solas
nuair a chinneann sí í féin a nochtadh
adhraimid í gan náire
óir is ar an mbeagán a bhíonn blas
is tá an oíche fhada ag teacht,
cruinnímid ar fad faoina léas
is feicimid a chéile go soiléir;
déanaimid ár gcomhchaint
is déanaimid ár ngoradh;
molaimid grian an fhómhair
diúlaimid dá solas.
You must be logged in to post a comment.