Bard na Páirce | The Poet of Croke Park, Dublin, 21/11/2025

CÉILIÚRADH AR SHAOL AGUS AR SHAOTHAR MHÍCHÍL UÍ MHUIRCHEARTAIGH 

Bhí Éire go léir faoi scamall bróin agus an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh, guth chluichí na nGael ar feadh na dtrí scór bliain a chaith sé le gairm na tráchtaireachta, ar shlí na fírinne. Rinne tráchtaireacht shainiúil Mhíchíl agus an tslí a bhí aige leis an dá theanga a úsáid go nádúrtha file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael de agus bhíodh guth an Chiarraígh mar fhuaimrian an tsamhraidh ag Gaeil le breis is leathchéad bliain. Is ábhar mórtais d’IMRAM é ceiliúradh cuí a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Mhíchíl; Iéamh filíochta agus próis coimisiúnaithe; sleachta as craoltaí leis; agus ceol coimisiúnaithe. 

Mícheál Ó Muircheartaigh was without doubt Ireland’s most gifted sports commentator. Across his sixty year career, from his 1949 radio debut to his last All-lreland final on television in 2010, he was a deeply loved companion for generations of GAA fans. On his death, President Michael D Higgins said: ‘…so many matches may in fact be remembered more for his commentary than for the action on the pitch. For Mícheál turned every match into an epic tale, his commentaries capturing like no other the sense of occasion, the atmosphere in the stadium and on the terraces, the ebb and flow of the play and of every movement.’ 

Bard na Páirce is a literary celebration of Mícheál’s life and work, featuring specially commissioned poetry and prose from Colm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dara Ó Cinnéide and Alan Titley; as well as new songs and music from Colm Ó Snodaigh, accompanied by Brian Hogan. The show will also feature archive recordings of Mícheál’s commentaries; and on-screen images, created by Margaret Lonergan. Curated by Majella Ní Chríocháin.

TICKETS €15 | €12 (CONCESSION)

RUNNING TIME 60 mins no interval

A thuilleadh faoin Ríordánach

Seo nasc chuig píosa a scríobhas ar Tuairisc faoin Ríordánach, a saolaíodh céad bliain ó shin ag an deireadh seachtaine. Bhíos páirteach i gcomhdháil i mBaile Mhúirne mar chuid den chomóradh sin a d’eagraigh Bríd Cranitch, Tríona Ní Shíocháin agus Ríona Ní Churtáin. Léiríodh ‘Mo Pheann ag Rince’ de chuid Imram, seó a chuir Liam Ó Muirthile i dtoll a chéile, le tionlacan ceoil ó Enda Reilly agus físeanna aoibhne le Margaret Lonergan. Ba mhór agam féin a bheith ina dteannta ag léamh dánta an Ríordánaigh.

IMG_2084.JPG