Seo nasc chuig píosa a scríobhas ar Tuairisc faoin Ríordánach, a saolaíodh céad bliain ó shin ag an deireadh seachtaine. Bhíos páirteach i gcomhdháil i mBaile Mhúirne mar chuid den chomóradh sin a d’eagraigh Bríd Cranitch, Tríona Ní Shíocháin agus Ríona Ní Churtáin. Léiríodh ‘Mo Pheann ag Rince’ de chuid Imram, seó a chuir Liam Ó Muirthile i dtoll a chéile, le tionlacan ceoil ó Enda Reilly agus físeanna aoibhne le Margaret Lonergan. Ba mhór agam féin a bheith ina dteannta ag léamh dánta an Ríordánaigh.
You must be logged in to post a comment.