Seoladh na Gaillimhe

Mo mhíle buíochas le gach éinne a tháinig go dtí an seoladh i gClub Áras na nGael, go speisialta le Diarmuid de Faoite a dhein píosa cainte

IMG_0207

agus leis na ceoltóirí Séamus Ó Coileáin, Síobhra Nic Aogáin, Liam Ó hAisbéil agus Aisling Ní Churraighín. Dúirt Lillis Ó Laoire amhrán deas meidhreach ar an oíche freisin. Chuir Dough Bros  píostaí deasa ar fáil agus caitheadh siar cúpla gloine fíona. Agus bhí an foilsitheoir (Coiscéim) an-sásta toisc gur díoladh neart leabhar!

IMG_4730

Agus tá léamh eile beartaithe san Ardchathair ar an 31ú Márta le cúnamh na ndéithe…