Tra Lí 13.4.16

Meadowlands-hotel_entrance_night

Táim ag tnúth go mór le filleadh ar an bhfód dúchais Dé Céadaoin chun roinnt dánta a léamh in Óstán Meadowlands @8. Beidh Pádraig Mac Fhearghusa (eagarthóir Feasta) ina fhear an tí agus beidh fíon agus soláistí eile ar fáil ann.

Buíochas ó chroí le Helen Ní Shé agus An Saol Ó Dheas as mé a chur faoi agallamh ar a gclár Déardaoin seo caite. Bíonn Helen iontach ag plé filíochta.  Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo.

 

Advertisements