Ba mhór agam cuireadh a fháil ó Chumann Merriman páirt a ghlacadh i léamh filíochta mar chuid de Scoil Geimhridh Merriman. Léigh Proinsias Mac a’Bhaird sliocht as a úrscéal Tairngreacht agus do reic Liam Ó Dochartaigh roinnt dánta a leagtar ar Cholm Cille. Ba í Caitríona Ó Dochartaigh reachtaire na hócáide agus tá buíochas ar leith ag dul do Fhiachra Ó Corragáin as an bhfíseagrafaíocht agus eagarthóireacht. Is féidir féachaint siar ar ‘Colm Cille na hÉigse’ anseo.