Féile na Bealtaine le hÁine Uí Fhoghlú

Ag tnúth go mór le turas a thabhairt siar go Dún Chaoin i gcomhair Féile na Bealtaine Dé hAoine 28 Aibreán mar a mbead ag léamh filíochta le sárfhile na nDéise, Áine Uí Fhoghlú. Is in Ionad an Bhlascaoid a bheimid agus is í Helen Ní Shé a bheidh ina bean a’tí. Cuirfear tús le himeachtaí ag 4in. A thuilleadh eolais agus ticéadaí ar fáil anseo.