Ag tnúth go mór le turas a thabhairt siar go Dún Chaoin i gcomhair Féile na Bealtaine Dé hAoine 28 Aibreán mar a mbead ag léamh filíochta le sárfhile na nDéise, Áine Uí Fhoghlú. Is in Ionad an Bhlascaoid a bheimid agus is í Helen Ní Shé a bheidh ina bean a’tí. Cuirfear tús le himeachtaí ag 4in. A thuilleadh eolais agus ticéadaí ar fáil anseo.
Tag: Helen Ní Shé
Tra Lí 13.4.16

Táim ag tnúth go mór le filleadh ar an bhfód dúchais Dé Céadaoin chun roinnt dánta a léamh in Óstán Meadowlands @8. Beidh Pádraig Mac Fhearghusa (eagarthóir Feasta) ina fhear an tí agus beidh fíon agus soláistí eile ar fáil ann.
Buíochas ó chroí le Helen Ní Shé agus An Saol Ó Dheas as mé a chur faoi agallamh ar a gclár Déardaoin seo caite. Bíonn Helen iontach ag plé filíochta. Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo.
You must be logged in to post a comment.