Cóisir Filíochta ar BBC Radio Uladh

Buíochas ó chroí le John Boy Ó Muireagáin, Louis de Paor agus Sinéad Ní Uallacháin as an dán ‘Fothragadh’ a chíoradh ar an gclár ‘Cóisir Filíochta’ le déanaí. Bhaineas taitneamh, leis, as an bplé ar shaothar Bhiddy Jenkinson agus Mháire Ní Mhurchú. Is féidir éisteacht siar leis an gclár ar BBC Sounds as seo go ceann míosa. Ag tnúth go mór leis an gcuid eile den tsraith!

Féile Bheag Filíochta 11-13 Samhain 2022

Ag tnúth go mór leis an bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín an mhí seo chugainn. Is breá lem chroí an fhéile seo agus is cúis áthais dom go mbead féin i mbun na ceardlainne Gaeilge i mbliana. Beidh an t-ealaíontóir agus an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín ag léiriú trí scannán faoi thriúr ban: Máire Ní Chéilleachair, Áine Moynihan agus Ríonach Ní Néill. Is í an tOllamh Emerita Patricia Coughlan a thabharfaidh léacht na féile ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi. Seolfar leabhar dátheangach le Ceaití Ní Bheildiúin dar teideal Lig don nGiorria Suí / Let the Hare Sit: Rogha Dánta / Selected Poems mar a bhfuil aistriúcháin le Paddy Bushe. Cloisfear ceol ar an Aoine le hEoin Duignan agus Noelie Ó Maoileoin. Maidin Shathairn a bheidh na ceardlanna, mé féin i mbun na ceardlainne Gaeilge agus Billy Ramsell i mbun cheann an Bhéarla. Beidh seimineáir san iarnóin ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi mar a labharfaidh Máirín Nic Eoin, Louis de Paor, Bríd Ní Mhóráin agus Róisín Ní Ghairbhí. Beidh an sárcheoltóir Inni-K ag seinm oíche Dé Sathairn agus beidh a thuilleadh ceoil an mhaidin dar gcionn le Niamh Varian Barry. Beidh go leor deiseanna ag filí dán a reic ag na maidhceanna oscailte a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine. An clár iomlán le fáil anseo.

Reading at the EFACIS Conference 2021

Many thanks to Daniela Theinová, Justin Quinn and the rest of the organising committee of the EFACIS conference in Prague in September. Of course, like much else at the moment, it was all a bit virtual, sadly, but Prague still exists and remains high on my list of places to revisit.

Here is a link to the reading I did with Louis de Paor and Ailbhe Darcy.

Agus seo nasc chuig dreas cainte a dheineas le Dara Ó Cinnéide ar an Saol ó Dheas an lá céanna.

BBC Radio 4 No Egos No Divas

Buíochas ó chroí to Louis de Paor and Claire Cunningham for including me in the BBC Radio 4 programme ‘No Egos No Divas’ which was broadcast today. Great to hear the articulate voices of Doireann Ní Ghriofa, Aifric Mac Aodha, Simon Ó Faoláin, Marcus Mac Conghail, Seámus Barra Ó Súilleabháin and Caitlín Nic Íomhair in full flow. You can listen back to it here.

Ómós do Liam Ó Muirthile

11038648_1623443911224616_6154000865719474595_n

 

Beidh ócáid ar siúl i Leabharlann na Cathrach i gCorcaigh ag 7 tráthnóna inniu in ómós do Liam Ó Muirthile. Is mar chuid den Cork Work Book Fest a bheidh mé féin, Louis de Paor agus Mícheál Ó hUanacháin ag caint faoi shaothar Uí Mhuirthile a d’imigh ar shlí na fírinne bliain ó shin, nach mór. Suaimhneas síoraí dá anam.

Tá go leor imeachtaí eile ar chlár na féile: seoladh leabhair Thomas McCarthy oíche Dhéardaoin, agus beidh file ón gCatalóin, Sílvia Aymerich-Lemos, ag caint Dé Sathairn, mar shampla.