Ómós do Liam Ó Muirthile

11038648_1623443911224616_6154000865719474595_n

 

Beidh ócáid ar siúl i Leabharlann na Cathrach i gCorcaigh ag 7 tráthnóna inniu in ómós do Liam Ó Muirthile. Is mar chuid den Cork Work Book Fest a bheidh mé féin, Louis de Paor agus Mícheál Ó hUanacháin ag caint faoi shaothar Uí Mhuirthile a d’imigh ar shlí na fírinne bliain ó shin, nach mór. Suaimhneas síoraí dá anam.

Tá go leor imeachtaí eile ar chlár na féile: seoladh leabhair Thomas McCarthy oíche Dhéardaoin, agus beidh file ón gCatalóin, Sílvia Aymerich-Lemos, ag caint Dé Sathairn, mar shampla.