Ag tnúth go mór leis an bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín an mhí seo chugainn. Is breá lem chroí an fhéile seo agus is cúis áthais dom go mbead féin i mbun na ceardlainne Gaeilge i mbliana. Beidh an t-ealaíontóir agus an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín ag léiriú trí scannán faoi thriúr ban: Máire Ní Chéilleachair, Áine Moynihan agus Ríonach Ní Néill. Is í an tOllamh Emerita Patricia Coughlan a thabharfaidh léacht na féile ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi. Seolfar leabhar dátheangach le Ceaití Ní Bheildiúin dar teideal Lig don nGiorria Suí / Let the Hare Sit: Rogha Dánta / Selected Poems mar a bhfuil aistriúcháin le Paddy Bushe. Cloisfear ceol ar an Aoine le hEoin Duignan agus Noelie Ó Maoileoin. Maidin Shathairn a bheidh na ceardlanna, mé féin i mbun na ceardlainne Gaeilge agus Billy Ramsell i mbun cheann an Bhéarla. Beidh seimineáir san iarnóin ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi mar a labharfaidh Máirín Nic Eoin, Louis de Paor, Bríd Ní Mhóráin agus Róisín Ní Ghairbhí. Beidh an sárcheoltóir Inni-K ag seinm oíche Dé Sathairn agus beidh a thuilleadh ceoil an mhaidin dar gcionn le Niamh Varian Barry. Beidh go leor deiseanna ag filí dán a reic ag na maidhceanna oscailte a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine. An clár iomlán le fáil anseo.