Seoladh i gClub an Chonartha, 1.4.16

anclub

Beidh ócáid againn Dé hAoine, Lá Aibreáin, i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath chun Tost agus Allagar a sheoladh. Déanfaidh Marcus Mac Conghail píosa cainte is beidh ceol agus soláistí ann. Tosóidh an oíche ag 7.30. Táim buíoch den bhfoilsitheoir, Coiscéim, as an oíche a eagrú.

Is féidir éisteacht le Marcus ag reic dánta le tionlanacan ó Nell Ní Chróinín anseo.

Beidh Rónán Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ann ar an oíche ag ceol. Bígí linn!

Unknown