Tá sé thar am agam cuid de na pictiúir a chur in airde ón oíche a bhí againn i gClub an Chonartha le déanaí… Mo bhuíochas le Cuan Ó Seireadáin a ghlac na grianghraif…
Mo mhíle buíochas le gach éinne a tháinig agus go mór mhór le Marcus Mac Conghail a thug píosa cainte uilíoch, fileata uaidh ar an oíche:
Tá píosa iontach scrite ag Máirín Nic Eoin mar bhrollach don leabhar álainn seo – tá ana-thuiscint ag Máirín ar, bhuel, gach rud – tá fillte agam ar B’ait Leo Bean agus Trén bhFearainn Breac cúpla uair – agus ní stopaim ag foghlaim uaithi – meileann m’aigne féin go mall – is léim leabhar ar dtús leis an scóp a thuiscint agus ansan léim aríst é le na mionsonraí a bhreith chugham féin – athraíonn tú mar dhuine – athraíonn do thuiscint agus athraíonn do thaithí tú – só ní bhíonn tú críochnaithe le leabhar riamh b’fhéidir…
Anyway, má tá léamh agus tuiscint uaibh ar a bhfuil i Tost & Allagar tabharfaidh aiste Mháirín díobh é.
Nuair a chloiseann tú amhrán nua a théann i bhfeidhm go mór ort – go minic ní bhíonn fhios agat cén fáth – ní gá go mbeadh fhios agat cén fáth – just tarlaíonn rud éigin ionat – agus is breá leat é ar ana-chuid cúiseanna b’fhéidir – ní rud é a chuireann tú i bhfriotal – ní gá é a chur i bhfriotal just deireann tú le duine éigin ‘…is breá liom an t-amhrán seo, ar chuala tú fós é?’ Sin mar atá agam féin leis na dánta seo. Só, níl i gceist agamsa sa phíosa seo ach trácht a dhéanamh ar na rudaí a bhraitheas nó rudaí a rith liom nó rudaí a meabhraíodh dom nuair a léigh mé na dánta sa leabhar.
Bhuaileas leis an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin uair amháin (i dTrá Lí is dóigh liom) – bhí sí cineálta séimh fiosrach agus bhí an vúdú inti – mar atá in Ailbhe – thaitin a scéalta is a drámaí liom – Mé Féin agus Síle, Cití, Í Siúd – but is cuimhin liom í a rá – tá leigheas i mbainne asail ach é a ghoid – shíleas gur meafair éigin a bhí ann – rún de shaghas éigin – is nuair a lorgaíos míniú air dúirt sí neó – tá leigheas i mbainne asail ach é a ghoid. Sin Sin. Tá bainne agus an leigheas a théann leis goidte agus sealbhaithe ag Ailbhe ó thíortha is cultúir na cruinne sa chnuasach seo – níor fhan sí age baile – níor fhan sí inti féin – chuaigh sí i ndaoine agus in ainmhithe eile – mar a dhéanfadh shaman.
Tá carn leabhar taobh na leapan agam, carn a théann i méid – go mbíonn orm ar deire seilf poirt a aimsiú dóibh aríst – ach le déanaí tharraingíos chugham leabhar ón gcarn is seo thíos a bhí ar an leathanach a léas is chuimhníos ar dhánta Ailbhe agus ar Ailbhe féin:
SINSIR
Dobharchú mé, biolar mo bhrat
brácaim an bradán, mo bhráthair.
Breac mé is eascann faoi bhun easa,
saighead uisce is lúbaire-
breac mé is bradán,
dobharchú, eascann.
Mise an spéir, an t-aer is an tEarrach
mise an t-iasc is an t-uisce
mise an chré faoi mo chosa
Dia agus duine
réalta mise i measc na n-ardreann
mise na hardreanna, de shoilse déanta
mise an t-éan is an t-ainmhí
clúmh agus fionnadh
ainmhí éanúil aonarach aonta mise
eolas ag borradh i mo chloigeann
mar shíolbhach i mblaosc uibhe
anam is intinn is intleacht bric
anam is intinn is intleacht toir
anam is intinn is intleacht fir
duine agus cruinne
Sin dán le Michael Hartnett – mar a dúirt mheabhraigh sé dánta Ailbhe agus Ailbhe féin dom – an líne leathdheiridh san ‘anam is intinn is intleacht…’
Anam is intinn is intleacht Ailbhe, file.
Líne eile – Ainmhí éanúil aonarach aonta – is éan í Ailbhe, nó samhlaím gurb ea – géis – gé uisce – is tá guth tugtha aici dos na héin (agus d’ainmhithe eile) sa leabhar seo
Agus an line deiridh ar fad – duine agus cruinne – an dá rud mar ábhar dáin aici – duine agus cruinne – an duine sa chruinne – meabhraíonn sé leabhar Uí Mhaolcatha dom ‘An Gleann agus a Raibh Ann’ – ach é anois méadaithe – An Domhain agus a raibh ann – tá gach rud mar ábhar aici – tá sí gan teora
Is den chruinne seo sinn go léir – bhuel formhór dínn.
Agus seo sinn anseo anocht – daoine sa chruinneog seo – sa chroiceog seo – is an oíche seo, an áit seo, an leabhar seo, an file seo dár gceangal is dár nascadh le chéile
Féach timpeall, féach thart an seomra seo – i gceann céad bliain béimid go léir ag tabhairt an fhéir nó ár luaithrigh á scaipeadh ag an ngaoth is ní bheidh faic fágtha – agus na nithe a bhain linn – gach a bhain linn – sa scip nó suite leath-dearúdta i gcúinne seomra éigin – agus na nithe seo – níl aon chuimhne acu, nó dílseacht b’fhéidir – mar a dúirt Hartnett aríst – ”dearúdann nithe neach…”
… Agus i gceann na mílte milliúin bliain – nuair a bheidh fairsingiú tagtha ar an úinivéars go heireabal siar – ní bheidh fágtha ach solas ár réalt féin, solas na gréine, ag sroichint cúinne fíosrach éigin i bhfad i bhfad tar éis a héaga – agus ní go ndéanfaidh na fiosróirí seo, na gliúcóirí seo, anailís ar speictream datha an tsolais sin go mbeidh siad in ann an gath, an ghileacht, an dath doirtithe sin a rianú siar dtínár ngrianchóras – a bheidh gan ghrian, gan chóras níos mó – agus ansan déanfaidh siad (pé siad iad) deimhin den dóigh is den dóchúlacht – go raibh rud éigin ann tráth.
Chuas go Baile an Sceilg 18 bl ó shin is chnag mé ar dhoras Mhicheál Ua Ciarmhaic. Bhí mo bhundailín de bhunóc im bhaclainn agam – í ainmnithe as insint foilsithe Mhíchíl den scéal Oileán na mBan bhFionn/Dún an mBan tré Thine
N’fheadar mé cad leis a rabhas ag súil – leagan fireannach den mBab Feiritéir b’fhéidir – Bhí a voodoo féin ag baint leis an mBab – a tost mar shúil ribe – agus an seomra tosaigh sin i mBaile na hAbha líonta le cling na gclog go léir a bhí crochta ar na fallaí aici – ach samhlaíos rud traidisúnta léi – b’fhéidir nach bhfuil sin fíor
– Pé scéal é thar nais i mBaile an Sceilg agus Micheál Ua Ciarmhaic. An chéad rud a dúirt sé ná “Teileascóp Hubble – bhfuil aon chur amach agat air?”
Agus lean sé ar aghaidh ag samhlú gach a bhí le feiscint sa spás leis an teilescóp seo – agus na nithe nach raibh le feiscint fós – agus labhair ar bhaoi eangaí – na baoithe a úsáidtear chun na líonta iascaireacht a choimeád ar snámh – le gur féidir teacht orthu – is dhein ionannú idir iad agus satailítí sa spás.
Ní raibh mo adharcáin nó mo bhraiteoga réidh nó ullmhaithe i gceart don ábhar cainte seo- ní rabhadar curtha i dtiúin agam – bhí seana-shite á lorg agamsa is bhi sé siúd ag caint liom amr gheall ar rudaí nár tharla fós – rudaí nach raibh ar eolas againn fós
Is baoi gach ceann de dhánta Ailbhe – baoi a choimeádann ar snámh líon na heagna lán dár dtaithí dár mothúcháin dár dtuiscint – baoi atá mar réalt eolais dúinn. Nuair a bheimid go léir imithe – tiocfaidh baoi nó dhó isteach ar thráig an ama – beidh neach éigin a thiocfaidh inár ndiaidh in ann féachaint siar isteach sa bhaoi seo, sa mheall criostail, is speictream daonna a aithint agus tuisicint a fháil ar an gcine daonna
Siad dánta Ailbhe an ghrian, an baoi agus an teileascóp – is sí Ailbhe an té atá suite ag gliúcaíocht lena ceann claonta d’iarraidh brí ciall nó tuiscint a bhaint as an ngrianchóras ina mairimid.
Fágfaidh mé sibh le brioglóid a bhí agam
Nuair a fuaireas na dánta atá sa leabhar seo ar dtús – líonas an folcadán lán d’uisce really te – is shuíos isteach ann gur léas an leabhar ó chludach go clúdach – an oíche sin bhí brionglóid agam agus sa bhrionglóid bhí mé sa bhfolcadán agus lámhscríbhinn des na dána á léamh agam – agus de réir mar a chuaigh an gal, an teas agus an taiseacht i bhfeidhm ar an lámhscríbhinn shil gach focal ina dhúch dubh isteach san uisce – is nuair a d’éiríos chun mé féin a thriomú bhí mo chorp cludaithe ó bhaitheas go bonn le tatúanna des na focail go léir sa leabhar seo.
Is breá liom an leabhar seo – fágfaidh sé a mharc ort. Ar chuala sibh fós é?
Is féidir leabhar filíochta Mharcuis, Ceol Baile, a cheannach anseo. Bíonn sé ag seinnt ceoil leis an ngrúpa IMLÉ is tá teacht ar a gcuid ceol anseo.
You must be logged in to post a comment.